← "Tá sé chomh maith agamsa a dhul in éineacht libh", a deir an sionnach. 🔊
← D'ith siad a mbéile, ach ní raibh an sionnach sásta fós. 🔊
← "Cuireadh muid ár dtóin leis an tine", a deir an sionnach, "sa gcaoi go mbeidh a fhios againn cé acu an chéad duine a phléascfaidh". 🔊
← D'ith an sionnach an lacha. 🔊
← Chuir siad a dtóin leis an tine arís, agus nuair nár éirigh an timpiste chéanna d'aon cheann eile acu, bhain an sionnach greim beag ar thóin na gé agus phléasc sí. 🔊
← D'ith an sionnach an ghé. 🔊
← "Níl ann anois ach muid féin", arsa an sionnach. 🔊
← Nuair a tháinig an tráthnóna, dúirt an sionnach leis an gcoileach: "Tá sé chomh maith againn a dhul isteach go dtí an púirín". 🔊
← Chuaigh an sionnach isteach, agus nuair a fuair an coileach agus an cheaircín imithe isteach é, d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad féin leo go dtí a dtír féin arís. 🔊